This website uses cookies to ensure that you have the best possible experience when visiting the website. View our privacy policy for more information about this. To accept the use of non-essential cookies, please click "I agree"
Táimid ana dhóchasach go néireoidh linn ár sprioc a bhaint amach chun Ionad Phoenix a cheannach ach sin ráite, tá próiséis aisíochtaí cuimsitheach curtha le chéile again. Tabhair fé n-aire go bhfuil táillí beag ag PayPal & Kickstarter ná beimid in ann aisíoch a dhéanamh orthu. Faigh na sonraí thíos, ag braith ar an slí go bhfuileann tú ag tacú leis an bhfeachtas.
Cúntas Bainc:
Má táin tú ag íoc síntúis díreach isteach inár gcuntas bainc, iarraimid ort do chuid sonraí a chuir chughainn chomh maith trí ephost (dáta, méid, sonraí teagmhála) nó a dhéanamh deimhin go bhfuil na sonraí sin sa ‘Payee Section’ ar line.
Comhar Creidmheasa:
Má táin tú ag íoc síntúis díreach isteach sa chúntas sa Chomhar Creidmheasa, iarraimid ort do chuid sonraí a chuir chughainn trí e-phost.
PayPal:
Tá rogha aisíocha laistigh de PayPal agus tá sé fuirist aisíoc a thabhairt anseo.
Airgead Tirim:
Más cúpla euro atá I gceist, coimeádfaimid an t-airgead sin agus raghfaidh sé I dtreo feachtas nó carthannacht áitúil. Má méid mhaith airgid atá I gceist, iarraimid ort e-phost a chur chughainn leis na sonraí (Dáta, méid, sonraí teagmhála). Seolfar ráiteas chughat mar chinnteacht ar do shíntúis agus ní bheidh aon fhadhb le aisíoch mar seo muna n-eiríonn leis an bhfeachtas.
Polasaí Príobháideach:
Maidir le sonraí a choimeád agus I gcomhar le polasaithe GDPR, coimeádfar do chuid sonraí ar feadh 12 mhí. Ansin, beidh siad scrioste.