Cillian Murphy & a cháirde (Michael Francie & Maurice Galwey) ag Féile Scannáin Dhaingean Uí Chúis, féile a rith ó 2009 go 2019
Cillian Murphy & a cháirde (Michael Francie & Maurice Galwey) ag Féile Scannáin Dhaingean Uí Chúis, féile a rith ó 2009 go 2019
Chuamar go Trá Lí go rialta I dteannta Michael Francie, chun buaileadh le traein Bhaile Átha Cliath. Tháinig na scannáin I gcásanna trom miotail le lámh ar barra. D’iomparíodh Michael na boscaí 4-spool síos an ardán agus amuigh go dtí an cárrchlós. Do tharraingíomíst na boscaí beaga 2-spool agus do chuirimíst isteach sa veain iad.
Nuair a bheadh na boscaí tagtha ó Thrá Lí, bhí orainn iad a thabhairt in airde staighre, áit a bheadh Peadar Quinn ag fanacht chun splastáil a dhéanamh orthu le blúire Sellotape. Ansin cuireadh sé timpeall ar na rothaí móra iad.
Ar feadh 12 lá le in Meitheamh agus Iúil 1972, tháinig na sluaite dtí an Phoenix chun scannán mór an leithinis a fheiscint – Ryan’s Daughter – agus ana chuid acu ag súil len’ iad fhéin a fheiscint ar an scáileán mór.
Sé Pictiúrlann an Phoenix ceann dos na pictiúrlann neamhspleácha deirineach sa tír. Tríd na blianta, sruthaíodh scannáin thairis na cinn I nga-soilse ón cabán teilgthe dtí an scáileán, áit a thagadh draíocht na scannáin chun solas dos na héinne.
Agus bhí níos mó ná pictiúrlann I gceist leis an Phoenix. I mí Feabhra 1963, ag comórtas ‘twist’ sa phictiúrlann, bhuaigh deartháir is deirfiúr áitúil, Patrick & Mary Ellen Cronesberry an chéad duais don taispeántas bríomhair a bhí acu den rince tarraingteach nua seo!
Sa bhliain 2010, do chuir Cillian Murphy a scannán nua ‘Perrier’s Bounty’ I láthair agus bronnadh Gradam Gregory Peck ar an stiúrthóir aitheanta Stephen Frears, go raibh ainmniúchán Oscar fachta aige de bharr an méid dul chun cinn a bhí déanta aige in airneál na scannánaíochta.
Bunaíodh Féile Scannán Idirnáisiúnta Dhaingean Uí Chúis sa bhliain 2007 agus lean sé ar aghaidh go 2019 fé stiúir Maurice Galway, déantóir scannáin. Le linn an tréimhse iontach sin, tharraing an féile aoíanna fíor-speisialta agus spéisiúil dtí an leithinis: Garrett Brown, Gabriel Byrne, Laura Dern, Ned Down, Aidan Gillen, fear fuaime Tom Johnson, Sarah Miles, Cillian Murphy, Barry Keoghan, Barbara Kopple, Maureen O’Hara, Sir Alan Parker, Jack Reynor, Saoirse Ronan, Jim Sheridan, Scott Wilson & mórán eile.
Tiocfaidh Féile Scannán Dingle Whiskey thar nais sa bhliain 2022 le meascán de taispeántaisí agus imeachtaí eile a bheidh dírithe ar lucht scannáin agus lucht féachana ginearálta leis.
Thairis an tréimhse, tá clú is cáil ar an fhéile as imeachtaí agus daoine éagsúla a tharrac le chéile go snasta. Bíonn réimse ar leith scannáin le feiscint, idir sean is nua, ó scannáin fáisnéise go blockbusters. Bíonn ceardlainn, ranganna máistreachta agus clár speisialta do dhaoine óga I measc na himeachtaí.
Tá stair fada agus ceangal ar leith ag Daingean Uí Chúis le Clann Peck agus bronntar Gradam Gregory Peck go bliantiúl ag tabhairt aitheantas do Fhoirfeacht in Ealaín na Scannán.